Rinne cigirí na Roinne Measúnú Iomlán Scoile i mí Mheán Fómhair. Chuir pobal Ghaelscoil Cholmcille fáilte roimh an deis seo aiseolas a fháil ar ár gcur chuige agus leas na leanaí atá faoinár gcúram a chinntiú. Chaith na cigirí am ag breathnú ar gach gné den scoil.
Tá ríméad orainn go bhfuil tuarascáil an-dearfach curtha ar fáil ag na cigirí.
Rinne na cigireanna cur síos ar ár scoil mar Ghaeltacht bheag, áit a raibh fíormhothú an teaghlaigh le brath. Thug siad le fios go raibh na páistí sona agus gur cainteoirí oilte Gaeilge a bhí iontu. Fuair an scoil an grád is airde i mbeagnach gach gné den teagasc agus den fhoghlaim. Rinne siad tagairt do thimpeallacht chuimsitheach, thaitneamhach, atá dírithe ar an bpáiste, ina dtugtar dúshlán do pháistí ag gach leibhéal agus i ngach ábhar, agus ina gcuirtear réimse deiseanna foghlama ar fáil do pháistí.
Thug na cigireanna faoi deara gur bhain múinteoirí an-úsáid as trealamh agus acmhainní chun tacú leis an bhfoghlaim. Mar fhoireann, táimid buíoch as flaithiúlacht phobal na scoile, go háirithe ó thaobh ama agus airgid de, le Cairde na dTuistí. Is leis an airgead seo a bhíonn muid in ann acmhainní breise a sholáthar. Bhí dearcthaí dearfacha ag tuismitheoirí agus ag páistí freisin faoinár scoil sa aiseolas óna gcuid suirbhéanna.
Bhí dhá phointe tagartha le hathbhreithniú ag an scoil. Is é an chéad cheann ná líon na bpáistí sna ranganna. Mar fhreagra ar an moladh seo, chinn an Bord Bainistíochta ár bpolasaí iontrála a athbhreithniú agus laghdaigh sé an líon uasta de Pháistí Sóisearacha go 28 páiste ón mbliain seo chugainn ar aghaidh. Ina theannta sin, socróidh an scoil post freagrachta mar chomhordaitheoir riachtanas speisialta. Beidh ról níos foirmiúla ag Cairde na dtuistí freisin i bpróiseas an athbhreithnithe polasaí.
Táimid an-bhródúil as an méid atá bainte amach againn agus leanfaimid orainn ag cur feabhas agus ag cothú timpeallachta tacaíochta, Gaeilge, ina mbeimid in ann leanúint orainn ag soláthar na gcaighdeán is airde. Ba mhaith linn an deis seo a thapú chun buíochas a ghabháil leis an bhfoireann, le Bord an Bhainistíochta agus libhse mar thuismitheoirí as bhur dtacaíocht le linn na measúnaithe seo agus ag gach am.
Tá an tuarascáil iomlán ar fáil anse.
Le buíochas,
Nessa