Ár Scoil

Ráiteas físe na Scoile

Déanfaidh Gaelscoil Cholmcille chuile iarracht páistí de gach cumas a aithint agus a chothú.
Spreagfar féinmheas agus meas ar a chéile tríd an saol scoile.
Spreagfaidh an taithí scoile seo, trí mheán na Gaeilge, grá don fhoghlaim, traidisiún agus do chultúr ar dtíre.
‘Moladh agus Mealladh’

Tá éiteas Caitliceach ag an scoil. Tá réimse leathan creideamh ag na teaghlaigh inár scoil ilchineálach agus tá fáilte roimh chuile duine.

Is é An Foras Pátrúnachta www.foras.ie pátrún na scoile seo. Tá 70 scoil lán-Ghaeilge faoina bpátrúnacht timpeall na hÉireann. Cuireann siad treoir agus tacaíochtaí maidir le bainistiú na scoile ar fáil dúinn.